...Home Page.
  ...About Page in English.
  ...Terra Page Irish.
  ...Ireland.

 

Críostaíocht Aontaithe Eorpa

Leigheastar an Scoilt Anois

 

 

Tenth Century Crosses, Monasterboice, County Louth

 

Saint Pádraig - Patrick - Qatrikias - Cothraige - Pátraic
c. 387 – 17 March 461 or 492 or 493
Patron Saint of Ireland

Tomb in Downpatrick, County Down

 

 

 

 

 

Is é an phríomhaidhm atá leis an suíomh gréasáin seo ná eolas a chur ar fáil agus a scaipeadh faoin scannán United European Christendom – Heal the Schism Now! (Críostaíocht Aontaithe Eorpa – Leigheastar an Scoilt Anois!) Is é an phríomhaidhm atá leis an scannán seo ná cabhrú leis an Eaglais Cheartchreidhmheach-Chaitliceach a athaontú agus le haontas agus sláine níos mó a bhunú (nó a athbhunú) taobh istigh de shibhialtacht na Críostaíochta, ag tosú le Críostaíocht na hEorpa. Tá sé de rún againn go labhródh an scannán seo le pobal na ndílseach Críostaí. Ar dhóigh thábhachtach is dhá scannán é Críostaíocht Aontaithe na hEorpa – Leigheastar an Scoilt Anois, mar is mór atá idir an dá ábhar. Tá an-tábhacht ag baint le hábhar amháin acu, mar atá, Críostaíocht na hEorpa. Ach tá an t-abhar eile, an Eaglais, i bhfad bhfad níos tábhachtaí. Agus tú ag iarraidh teacht ar thuiscint faoin dóigh ar chóir do phobal na ndílseach Críosaí dul i ngleic leis an dá ábhar seo, beidh nithe áirithe ann a mbeidh an chuma orthu gur ag bréagnú a chéile atá siad.

An chéad chuid, a dtabharfaimid an chéad scannán uirthi, déanann sí iarracht déileáil leis na saincheisteanna diagachta, eaglaiseolaíochta agus eile a bhaineann leis an scoilt a tharla san Eaglais sa 5ú haois agus go háirithe leis an MhórScoilt san Eaglais, dar dáta 1054 de réir coinbhinsiúin ach a d’fhorbair le fírinne idir an 9ú haois agus go luath sa 13ú haois agus ina dhiaidh sin. Nuair a ghlactar san áireamh na saincheisteanna atá ann, saincheisteanna a dhéileálann leis an streachailt atá againn na nithe atá de rún ag Dia dá Eaglais a thuiscint, is léir go bhfuil an-tábhacht ag baint leis na díospóidí seo. Agus nuair a ghlactar san áireamh an tuiscint atá ag gach Críostaí ar aithne Dé i leith an aontais seo, agus a léirítear thar áit ar bith eile sa Scríbhinn Dhiaga atá atáirgthe ar an suíomh gréasáin seo, ní féidir glacadh leis go bhfuil na díospóidí do-sháraithe. 

Tugann réaltachtaí an lae inniu le fios, chomh maith le scríbhinní na smaointeoirí oirirce sna limistéir seo agus dialóga agus cláir i measc chliarlathas sinsearach na hEaglaise, tugann siad le fios gurbh fhéidir athaontú corparáideach a dhéanamh idir Eaglaisí an Traidisiúin, iad siúd a choinnigh na Sacraimintí – agus go háirithe an Eocairist – agus Comharbas na nAspal agus sagairt a oirníodh go bailí. Is iad seo, in ord ón líon is lú daoine atá i bpobal na ndílseach iontu go dtí an líon is mó: (1) Eaglaisí Ceartchreidmheacha an Oirthir; (2) na hEaglaisí Ceartchreidmheacha atá i gcomaoin le Patrarc Éacúiméineach Chathair Chonstaintín; agus (3) an Eaglais Chaitliceach. Tá comhaontú ann maidir leis an liosta seo ach ba mhaith le húdar an scannáin seo an ceathrú grúpa a chur leis an liosta. Cé go ndéanann na hEaglaisí Ceartchreidmheacha agus an Eaglais Chaitliceach araon iarracht déileáil leis na hEaglaisí sa ghrúpa seo go hoifigiúil trí gan déileáil leo, go fiú chomh fada agus is féidir trí chur i gcéill nach ann dóibh, is féidir a rá faoin cheathrú grúpa seo gurb iad na hEaglaisí Ceartchreidmheacha iad den traidisiún liotúirgeach Biosántach-Slavónach nach bhfuil i gcomaoin le Patrarc Éacúiméineach Chathair Chonstaintín. Níl in Eaglais Cheartchreidmheach Úcráineach, Patrarcacht Kiev, ach an ceann is líonmhaire den líon mór Eaglaisí atá gafa sa phrácás eaglaiseolaíoch seo. 

Cé go bhfuil na Protastúnaigh an-tábhachtach don Chríostaíocht, ní cuid den chéad scannán seo iad forbairt an Phrotastúnachais agus na scoilteanna do-áirithe in Eaglais an Iarthair a thosaigh (le mioneisceachtaí áirithe) ón 16ú haois. Bíodh sin mar atá, is dlúthchuid iad den scéal a instear sa “dara” scannán.

Iarrann an dara scannán ar an lucht féachana machnamh a dhéanamh faoina sibhialtacht féin agus faoi na costais a bhaineann le heasaontas na Críostaíochta. Séard atá ann, go bunúsach, ná sraith cás-staidéar faoi chostais na Scoilte. Iarrann sé ar an lucht féachana tuairimíocht eolach a dhéanamh faoi cad é atá roimh an Chríostaíocht Eorpach i dtús báire agus roimh an Chríostaíocht dhomhanda amach ansin má leantar le staid easaontaithe seo na Críosaíochta. Cad é an bhail atá ar an Chríostaíocht? An bhfuilimid ag dul an bealach ceart? 

Is é pobal na ndílseach a chinnteoidh sa deireadh an dtarlóidh aontú seo na hEaglaise nó an dteipfidh orainn é a chur i gcrích. Tá a sainróil féin ag cliarlathas na hEaglaise. Níl siad réidh dearbhú chomhpháirteach nó Bunreacht Aspalda nó doiciméid eile a shíniú a chuirfidh Comaoin agus aontas i bhfeidhm arís, ach go fiú dá mbeadh siad sásta sin a dhéanamh, theipfeadh ar dhearbhú dá leithéid gan tacaíocht a bheith acu ó phobal na ndílseach Críostaí, mar a theip air sa bhliain 1439 … agus rinneadh mosc den teach pobail is mó sa Chríostaíocht.

     
 
     

Is fút féin atá an rogha. An bhfuil tú ag iarraidh an t-aontas seo a bheith ann? 

Iarrtar ort machnamh a dhéanamh ar an cheist seo arís i ndiaidh duit an scannán seo a fheiceáil.

     

“Tá an scoilt ag dul go follasach in éadan thoil Chríost, cuireann sí ceap tuisle i mbealach an tsaoil, agus imríonn sí dochar ar chúis shárnaofa seo den Dea-scéal a fhógairt do gach uile neach beo … Is ionann creidiúint i gCríost agus bheith ag dúil leis an aontas; is ionann bheith ag dúil leis an aontas agus bheith ag dúil leis an Eaglais: is ionann bheith ag dúil leis an Eaglais agus bheith ag dúil le comaoin an ghrásta atá ag teacht le plean an Athar le saol na saol. Is é sin an bhrí atá le paidir Chríost: ‘Ut unum sint.’’
                              Eoin Pól II ina Chiorclán eapainmneach ó 1995

“Na ballaí a scarann óna chéile sinn, níl siad chomh hard leis na flaithis.” 
                              Platón Cathrach Kiev

 
     
Is é an duine a mholann,   is é Dia a bhronnann.

 

 

Language Button Russkii that is for Russian Language Button Deutsch that is for German Language Button Język Polski that is for Polish Language Button Ukrayinska Mova that is for Ukrainian Language Button Italiano that is for Italian Language Button Español that is for Spanish Language Button Français that is for French Language Button Srpski that is for Serbian Language Button Hrvatski that is for Croatian Language Button Ellinika that is for Greek
Language Button Malti that is for Maltese Language Button Nederlands that is for Dutch and Flemish Language Button Magyar that is for Hungarian Language Button Belaruskaya Mova that is for Belarusian Language Button Kartuli Ena that is for Georgian Language Button Gaeilge that is for Irish Language Button Hayeren that is for Armenian Language Button Română that is for Romanian Language Button Svenska that is for Swedish Language Button Português that is for Portuguese
Language Button Català that is for Catalan Language Button Lëtzebuergesch that is for Luxembourgish Language Button Bulgarski Ezik that is for Bulgarian Language Button Makedonski Jazik that is for Macedonian Language Button Bosanski that is for Bosnian Language Button Crnogorski Jezik that is for Montenegrin Language Button Shqip that is for Albanian Language Button Dansk that is for Danish Language Button Norsk that is for Norwegian Language Button Íslenska that is for Icelandic
Language Button Latīna that is for Latin Language Button Sardu that is for Sardinian Language Button Lietuvių Kalba that is for Lithuanian Language Button Latviešu that is for Latvian Language Button Eesti that is for Estonian Language Button Čeština that is for Czech Language Button Slovenčina that is Slovak Language Button Slovenščina that is for Slovene Language Button Suomi that is for Finnish Language Button Arāmît Armāyâ Arāmāyā  that is for Aramaic
 

 

 

 

 

 

Armagh
the city of saints and scholars

 

 

 

 

     
  Naomh Pádraig    
       

 

 

Dingle, County Kerry